Foilsíodh Ulysses le James Joyce den chéad uair i bPáras an 2 Feabhra 1922, ar dhaicheadú breithlá an údair. In 2022, beidh céad bliain ann ó foilsíodh an t-úrscéal is cáiliúla san fhichiú haois agus tá sé sin á cheiliúradh ar fud an domhain.
Féachtar anois ar Ulysses shaothar den chéad scoth, saothar éachtach ó ghinias litríochta. Dála saothair chlasaiceacha eile, cuireann sé imní ar dhaoine áirithe, a cheapann nach dtuigfidh siad é, ach is slat tomhais ionúin é, leis, do shlua léitheoirí, aistritheoirí, scríbhneoirí, agus taibheoirí dílse ar fud an domhain.
Ach ní mar sin a caitheadh leis an chéad lá riamh. Thug cairde agus comhghleacaithe Joyce ardmholadh don saothar trialach, ach bhí daoine ann a bhí an-diúltach faoi. Foilsíodh Ulysses ina shraitheanna ó 1918 san iris liteartha Meiriceánach, The Little Review, agus bhí léitheoirí go leor a bhí amhrasach faoi. Cuireadh deireadh leis an srathadh i 1920 de bhrí go raibh daoine ann a mheas go raibh codanna luatha in eipeasóid “Nausicaa” a bhí maslach. Tionscnaíodh imeachtaí dlí in aghaidh Margaret Anderson agus Jane Heap, eagarthóirí cróga The Little Review.
Tar éis scannal The Little Review, níorbh fhéidir foilsitheoir a aimsiú sa Ríocht Aontaithe. D’éirigh le Joyce an saothar a fhoilsiú sa Fhrainc ar deireadh, a bhuíochas le hiarrachtaí Sylvia Beach, Meiriceánach fiontrach a bhí ag féachaint ar aghaidh agus a thacaigh le scríbhneoirí nua-aoiseacha radacacha. Bhí siopa leabhar avant garde, Shakespeare and Company, aici i bPáras.Mar shaothar príobháideach faoi inphrionta Beach a foilsíodh Ulysses. Cuireadh cóip de, agus an teideal i mbán ar chúlra gorm – dearadh de dhathanna bhratach na Gréige – ar taispeáint i bhfuinneog a siopa ar 2 Feabhra 1922 – tá Cóip Uimhir 1 den eagrán seo ar taispeáint anois i Músaem Litríochta na hÉireann. Léirmheasanna dearfacha a fuair sé i dtosach ach léiríodh amhras freisin faoina dheacra agus a gháirsiúla a bhí an leabhar.
Thug cairde agus comhghleacaithe Joyce ardmholadh don saothar trialach, ach bhí daoine ann a bhí an-diúltach faoi.
Dúcheisteanna agus puzail
Ní fhéachtar ar Ulysses a thuilleadh mar leabhar scannalach. Ach bíonn sé deacair ar léitheoirí, fós, greim a fháil ar na claontagairtí iomadúla agus ar na stíleanna casta atá á dtriail sa leabhar. Dúirt Joyce go habartha go raibh dóthain dúcheisteanna agus puzail curtha isteach in Ulysses aige le hobair na mblianta a chur ar fáil do na hollúna. Ach mheas sé gur téacs daonlathach cuimsitheach a bhí sa leabhar a d’fhéadfadh duine ar bith a léamh, daoine mar a Aintín Seosaimhín i mBaile Átha Cliath agus freastalaí i mbialann i bPáras.
Eipic de chorp an duine a bhí in Ulysses, a mhaígh Joyce i litir. Is amhlaidh a phioc sé amach cuid de na gnéithe is suaithinsí faoin leabhar. Bunaíodh Ulysses cuid mhór ar Odyssey Homer, óna dtagann príomhstruchtúir an scéil – an fhánaíocht, an caillteanas agus an filleadh. Bhí an-ghean ag Joyce ar Odysseus de bhrí gur laoch amach is amach a bhí ann, agus de bhrí go raibh gliceas ann. Duine ann féin is ea Leopold Bloom, Ulysses an scéil, agus níl aon charachtar eile i bhficsean an lae inniu atá chomh fíoraithe leis. Ní cheiltear aon eolas faoi ar an léitheoir agus is fear é a chuireann spéis san uile rud.
James Joyce, Dublin 1904 (C.P. Curran, Special Collections, UCD)
Giúdach Éireannach is ea Bloom, ach féadfaidh an uile dhuine é a thuiscint. Ag an am céanna, is coimhthíoch fiosrach é a thráchtann ar shaol Bhaile Átha Cliath go deisbhéalach, ón taobh amuigh, ar uairibh. I reilig Ghlas Naíon, samhlaíonn sé go bhfuil na mairbh ag comhrá leis “as you are now so once were we”, ar Dhroichead Uí Chonaill, deir sé gur beag buíochas a fuair sé ó na fáinleoga dá dtug sé bia, “not even a caw”, ag machnamh dó ar an bhfarraige agus ar aistir mhara, fiafraíonn sé de féin “do fish ever get seasick?”, agus nuair a dhéanann sé a mhachnamh ar an “worst man in Dublin”, Blazes Boylan, leannán a mhná, is é a bhreith: “He gets the plums, and I the plumstones”. Is laoch agus frithlaoch il-aigeanta, polatrópach é.
Cuid den ghnáthshaol
Sa bhaile in Uimh. 7 Sráid Eccles a fheicimid Bloom den chéad uair, é ag déanamh an bhricfeasta dá bhean Molly agus ag caint leis an gcat. Níos déanaí, déanann sé a ghnó sa chlóiséad lasmuigh agus an t-irisleabhar Titbits á léamh aige. Is gnáthchuid den saol é seo. Ach rud réabhlóideach ab ea é sin san úrscéal, de bhrí gur leathnaigh Joyce go mór an méid is féidir leis an bhficsean a léiriú. Chuir sé san áireamh gach cuid de thaithí an duine agus rinne sé neamhaird iomlán d’ábhair thoirmiscthe faoi chorp an duine. In Ulysses, itheann agus ólann daoine, maireann siad agus faigheann siad bás, ina theannta sin déanann siad broim, cac, míostrú, glacaireacht, an tsrón a phiocadh, tinneas fiacaile a fhulaingt agus bíonn gnéas acu.
Úrscéal aon lá amháin is ea Ulysses, suite i mBaile Átha Cliath ar 16 Meitheamh 1904. Ócáid phríobháideach a chuireann tús leis: An chéad choinne idir Joyce agus Nora Barnacle nuair a shiúil siad amach go dtí An Rinn. Cuimsíonn sé gnéithe saolta agus spioradálta de ghrá an duine, ar shlí nach bhfacthas riamh cheana. Ach níl aon cháil ar leith ar an dáta sin agus ní shamhlódh staraithe aon ócáid eile leis. Lean Joyce leis an aidhm a bhí aige dá chéad leabhar Dubliners agus chuir sé roimhe gnéithe éagsúla den saol a bhí ag daoine i gcathracha na linne sin a mhionsonrú go rábach. Mar a dúirt Edna O’Brien, “no other writer so effulgently and so ravenously recreated a city”. Dírítear ár n-aird ar Leopold Bloom, Molly Bloom agus Stephen Dedalus, ach ina dteannta sin tá go leor mioncharachtar ann, cuid mhaith acu a bhí bunaithe ar dhaoine san fhíorshaol. Thar aon ní eile, soláthraíonn Ulysses comhordanáidí beachta áite agus ama dúinn mar aon le mionléarscáileanna de shráideanna, foirgnimh agus áiteanna éagsúla i mBaile Átha Cliath, ó shráideanna lár na cathrach go Cuas an Ghainimh agus Deilginis agus ó Thrá Dhumhach Thrá go Cnoc Bhinn Éadair.
Is laoch agus frithlaoch il-aigeanta, polatrópach é [Bloom].
Tá cuma chiclipéideach ar Ulysses, ní amháin mar gheall ar dhlús ábhartha na dtuairiscí ann ar Bhaile Átha Cliath, ach freisin mar gheall ar an tslí ar éirigh leis cor nua a chur i gcúrsaí scéalaíochta agus teanga. Tá go leor tráchtaí dímheasúla i litreacha Joyce faoi úrscéalta Victeoiriacha agus Éadbhardacha de chuid George Moore, Thomas Hardy, agus George Gissing. D’fhéach Joyce le Ulysses a scríobh ar shlí úrnua agus gan teacht faoi anáil duine ar bith. Ach, ag an am céanna, bhain sé leas as líon foinsí gan teorainn nó geall leis, agus cheadaigh sé do líon mór eile a bheith fite fuaite isteach san insint. Thar aon ní eile, mar a dúirt Edna O’Brien, “language is the hero and heroine” i gcás Ulysses. Tá an leabhar roinnte ina 18 n-eipeasóid agus mheas O’Brien go raibh sé cosúil le hocht n-úrscéal déag a léamh in aon cheann amháin.
Sceitimíní na teanga
De réir mar a chuaigh an leabhar ar aghaidh, fuair sceitimíní na teanga an lámh in uachtar ar an bpléisiúr a ghabhann le plota agus tréithriú. Imíonn na heipeasóidí deiridh de Ulysses ón rud ar ar thug Joyce a “stíl bhunaidh” agus tá siad thar a bheith cruthaitheach. In “Sirens”, leánn focail agus tagann teanga agus ceol le chéile; san Ospidéal Máithreachais Náisiúnta atá “Oxen of the Sun”, suite trína n-ailínítear tréimhse iompair an tsutha leis an éagsúlacht a fheictear de réir a chéile i litríocht an Bhéarla ó na Meánaoiseanna ar aghaidh; tá “Circe”, a tharlaíonn in Nighttown, ceantar soilse dearga Bhaile Átha Cliath, ceaptha le bheith ina dhráma osréalach agus samhailteach; agus léiríonn na 8 n-abairt neamhphoncaithe in “Penelope” an machnamh siar agus aniar a dhéanann Molly Bloom istoíche. Is í Molly a aisiompaíonn snáitheanna an úrscéil, agus a chasann bunoscionn an méid a bhí foghlamtha againn fúithi féin agus faoin téacs ina iomláine.
Ní leor aon achoimre amháin chun Ulysses a chuimsiú. D’fhéach W.B. Yeats air mar “work of a heroic mind” agus ba é tuairim T.S. Eliot gurbh éard a bhí ann “[a] book to which we are all indebted and from which none of us can escape”. Bhí Virginia Woolf, a scríobh mar mhacasamhail de Ulysses, idir dhá chomhairle, mar sin féin, faoi shaothar Joyce, mar is léir óna litreacha: “I look, and sip, and shudder”.
In Station Island, thug Seamus Heaney cuntas ar thaibhse challóideach Joyce a casadh air, a dúirt sé, i Loch Dearg. Molann sé don fhile arb as Tuaisceart Éireann dó é féin a shaoradh ó gach uile rud; tugann sé ordú dó nuair a deir sé, “Let go, let fly, forget”. Caitheann an mantra féin-saortha seo solas ar an gceadúnas chun dul i mbun cruthaitheachta a bhronn Joyce ar scríbhneoirí eile, leithéidí Salman Rushdie, Amitav Ghosh, Orhan Pamuk, Amit Chaudhuri, Teju Cole, Patrick McCabe, Zadie Smith, agus Colum McCann.
Tá cuma chiclipéideach ar Ulysses, ní amháin mar gheall ar dhlús ábhartha na dtuairiscí ann ar Bhaile Átha Cliath, ach freisin mar gheall ar an tslí ar éirigh leis cor nua a chur i gcúrsaí scéalaíochta agus teanga.
Is díol suntais é gur tháinig Ulysses agus an Saorstát ar an saol an bhliain chéanna. Ní amharcann Ulysses siar ar na laethanta a bhí imithe; féachann sé ar aghaidh chuig todhchaí a mbeidh lámh aige ina cruthú. Cé go raibh an Chéad Chogadh Domhanda (1914-1918) faoi lán seoil fad a bhí an leabhar á scríobh, chrom sé ar mhúnla nua a sholáthar don úrscéal agus léargas a thabhairt, gan eisceacht, gan chinsireacht, ar lá amháin i mBaile Átha Cliath i 1904. Níl aon náire ar Joyce iarraidh ar léitheoirí de gach sórt taitneamh a bhaint as Ulysses agus as an gcruthaitheacht as cuimse a léirítear ann.
Áitíonn Fritz Senn gur chóir féachaint ar an bhfocal “Joyce” mar bhriathar seachas mar ainmfhocal. Ar an gcaoi chéanna, ní mór smaoineamh ar Ulysses mar shaothar briathartha dinimiciúil; is téacs é nach bhfanann in aon riocht amháin. Beidh go leor deiseanna ann sa chéadú bliain seo ó foilsíodh Ulysses do léitheoirí a bhfuil an leabhar léite acu agus do léitheoirí nua chun an sárshaothar garach litríochta seo a léamh (nó a athléamh) agus déanamh mar a mhol Heaney – “Let go, let fly, forget” – san oiread mód léitheoireachta agus próiseas léirmhínithe agus is féidir linn a aimsiú.
Is í Anne Fogarty Ollamh le Léann James Joyce an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
Is díol suntais é gur tháinig Ulysses agus an Saorstát ar an saol an bhliain chéanna.