Mar gheall ar
Ulysses100

Share
Copy link
Ulysses-cover-lo-1.jpg

Copy No.1, Ulysses – James Joyce (courtesy National Library of Ireland)

Tá Músaem Litríochta na hÉireann (MoLI) tar éis ardán digiteach Ulysses100 a cheapadh, i gcomhpháirtíocht le Rialtas na hÉireann, chun imeachtaí a chur chun cinn agus eolas a bhailiú ar imeachtaí a bhaineann le comóradh céad bliain ó foilsíodh Ulysses le James Joyce.

Tá go leor imeachtaí, taispeántas agus coimisiún ealaíne beartaithe ar fud na cruinne don bhliain seo, agus tá súil againn go ligfidh an suíomh Gréasáin seo do chuairteoirí teacht go héasca ar fhaisnéis faoi na himeachtaí seo – agus páirt a ghlacadh iontu. Déantar an suíomh a thabhairt chun dáta go rialta, agus cuirfidh sé imeachtaí chun cinn trí na meáin shóisialta tríd an haischlib #Ulysses100.

Má tá imeacht, taispeántas nó gníomhaíocht beartaithe agat (is cuma mór nó beag) a bhaineann le cothrom céad bliain Ulysses, is féidir leat faisnéis, íomhánna, fuaim agus físeán a uaslódáil chuig an láithreán. Ba mhaith fáil amach faoi gach saghas ócáid, ó thaispeántais mhóra go cruinnithe beaga – agus an domhan a chur ar an eolas fúthu – atá á bpleanáil agat. Cliceáil ar an gcnaipe thíos chun rud éigin a chur chugainn.

Is meicníocht bailithe é Ulysses100 freisin chun gníomhaíochtaí an chomórtha seo a thaifeadadh le haghaidh staidéir agus taighde sa todhchaí – beidh an láithreán gníomhach ar líne i rith 2022 agus 2023, agus as sin beidh an t-ábhar ar fáil feasta trí chartlann dhigiteach an mhúsaeim ag moli.ie. Tá súil againn tuilleadh ábhair mar gheall ar imeachtaí agus ócáidí an chomórtha a chur ar an láithreán tar éis an chomórtha, más féidir.

Gabhaimid buíochas lenár gcomhpháirtithe i Rialtas na hÉireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus Ebow.

Comhpháirtithe Tionscadail
MoLI, UCD, NCI Logos Gov, Ebow Logos